Eagraíodh maidin oscailte ag Gaelscoil na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste Dé hAoine chun fearadh na fáilte a chur roimh aon teaghlach a bhfuil suim acu a gcuid páistí a chur chun na scoile i mí Mheán Fómhair.
Maidin den scoth a bhí ann agus atmaisféar cairdiúil le mothú timpeall na scoile. Bhí an deis ag an scoil a suíomh úr a thaispeáint don scaifte a bhí i láthair, bhí grúpa ceoltóirí óga ag seinm ceol traidisiúnta, agus bhí caife agus bonnóga ar fáil do na cuairteoirí, a bhuí le daltaí Rang 7. Tugadh iad ar camchuairt thart ar an scoi chomh maith, áit a raibh siad ábalta na háiseanna úrnua a fheiceáil.
Tá an scoil suite i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta, agus tá an t-ionad cultúir, pobail agus cúraim lae, Ionad Uíbh Eachach, díreach béal dorais, sin agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich cúpla bomaite ar shiúl. Tá nasc láidir ag an scoil le hIonad Uíbh Eachach agus is ann a bhíonn deis ag neart tuismitheoirí agus páistí tús a chur lena n-aistear leis an Ghaeilge sula dtosnaíonn siad ar an scoil fiú.
Labhair Meon Eile le Leas-Phríomhoide Gníomhach na scoile, Caoimhín, agus le beirt daltaí Ilana agus Connie.


