Lá Domhanda na Leabhar á cheiliúradh ag An tSnáthaid Mhór

Lá Domhanda na Leabhar atá ann inniu agus chun comóradh agus ceiliúradh a dhéanamh ar an lá thábhachtach seo, chuaigh an t-údar Máire Zepf agus an maisitheoir Mr Ando ar an bhóthar lena leabhar clúiteach ‘Rita agus an tEachtrán.

Is é an An tSnáthaid Mhór a d’fhoilsigh an leabhar agus chuaigh an fhoireann ar camchuairt go Tír Chonaill, Cathair Dhoire agus Baile Átha Cliath. Inné is i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, a bhí siad, áit ar chuir siad an leabhar i láthair scaifte mór ó Ghaelscoileanna na cathrach. Bhí thart ar 100 páiste i láthair, agus bhí Meon Eile ina gcuideachta.

Cur i láthair rannpháirteach a bhí ann do na páistí agus lá thar a bheith spreagúil do chách. Bhí an deis ag daltaí an leabhar féin a bhailiú ón tsiopa An Ceathrú Póilí chomh maith.

Is i gcomhpháirt le Lá Domhanda na Leabhar, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, a eagraíodh an chamchuairt.

Close
Close