Gaelscoil na Daróige ag siúl agus ag rothaíocht chun na scoile

Tá obair mhór déanta ag Gaelscoil na Daróige le cúpla bliain anuas agus iad ag iarraidh líon na ndaltaí a shiúlann agus a rothaíonn ar scoil gach lá a mhéadú. Labhair Meon Eile le príomhoide na scoile, Fiachra Ó Donghaile, faoin tógra leanúnach seo.

Tá ceangal déanta ag an scoil leis an charthanacht Sustrans, carthanacht a chuidíonn le daoine níos mó siúil agus rothaíochta a dhéanamh. Chuidigh siad leis an scoil páirt a ghlacadh sa, 'Big Walk and Wheel Week' i mbliana agus bhí rath mór air i measc phobail na scoile. 

Tá Fiachra den bharúil go bhfuil go leor buntaistí ag baint le tasteal ar scoil de shiúl na gcos nó ar rothar. Tá sé go maith don tsláinte, go fisiciúil agus go meabhrach, agus tugann sé deis do dhaoine cruinniú le chéile roimh an scoil. Tá Fiachra iontach buíoch de Sustrans as an chuidiú atá tugtha acu an tseachtain seo agus le cúpla bliain anuas.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin charthanacht Sustrans anseo.

Close
Close