"Dúil sna Dánta" - sraith filíochta do dhaltaí scrúduithe Gaeilge A-Leibhéil agus Ardteistiméireachta' ar TG4 Foghlaim

Tá TG4 Foghlaim, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Scáileán Thuaisceart Éireann, i ndiaidh acmhainn dhigiteach foghlama 25 clár a lainseáil do dhaltaí agus do mhúinteoirí agus iad ag ullmhú don A-Leibhéil agus don Ardteist faoi láthair.

Tá "Dúil sna Dánta", léirithe ag Macha Media, déanta ar bhealach a chuideoidh le scoláirí leis an ghné filíochta den siollabas agus a chuideoidh leo tuiscint níos doimhne a fháil ar na dánta scríofa ag filí iomráiteacha Máire Mhac an tSaoi, Cathal Ó Searcaigh, Máirtín Ó Direáin agus Seán Ó Ríordáin. 

Tugann beirt láithreoirí, Caitríona Nic an tSaoir agus Aimée Nic Chonaing, comhairle thar a bheith cuidiúil ar an dóigh le hanailís éifeachtach a dhéanamh ar an fhilíocht trí shraith gearrscannán.

Roghnaíodh cainteoirí den scoth a raibh na canúintí cearta acu chun dánta na bhfilí a aithris chomh maith, mar atá Neil Ó Briain (Seán Ó Ríordáin), James Ó Flatharta (Máirtín Ó Direáin), Conor Ó Gallchóir (Cathal Searcaigh) agus Méabh Broderick (Máire Mhac an tSaoi). 

Is féidir breathnú ar "Dúil sna Dánta" ar shuíomh idirlín TG4 Foghlaim anseo.

Close
Close