Tá lúcháir an domhain ar phobal An Droichead i nDeisceart Bhéal Feirste i ndiaidh dóibh príomhdhuais Ardán 2026 a bhuachan ag mórócáid bhronnta Ghlór na nGael in Óstán Chonnacht, Contae na Gaillimhe, ar na mallaibh.
Is comórtas náisiúnta é Ardán a thugann aitheantas don obair atá á déanamh ag grúpaí pobail ar son na Gaeilge ar fud na tíre.
Bhuaigh An Droichead duais €20,000 as cur i láthair a rinne siad dar teideal ‘Ag freastal ar shainriachtanais na dteaghlach sna luathbhlianta’.
D’fhorbair An Droichead córas tacaíochta do pháistí a bhfuil sainriachtanais acu agus dá dteaghlaigh in earnáil na luathbhlianta trí Ghaeilge.
Thug Meon Eile cuairt ar fhoireann An Droichead, áit ar labhair muid le Seáinín Ní Chianáin, Oifigeach Forbartha Gaeilge na heagraíochta. D’inis sí dúinn faoin obair chrua a rinne siad leis an chur i láthair a fhorbairt agus faoi cé chomh tiomanta is atá An Droichead seirbhísí d’ardchaighdeán do pháistí sna luathbhlianta a bhfuil sainriachtanais acu.
Tá Seáinín agus an fhoireann uilig ar bís faoin bhua ollmhór agus dúirt sí go rachaidh an t-airgead ar ais chuig na seirbhísí teaghlaigh agus na háiteanna a bhfuil sé de dhíth.
Buaiteoirí Ardán 2026:
Príomhbhuaiteoir – €20,000
An Droichead, Co. Aontroma
An dara háit – €10,000
Pobal Eascarrach, Co. Dhún na nGall


