Turas siopadóireachta le dearthóir feistis 'A Bump Along The Way'

Is scannán é ‘A Bump Along the Way’ a scríobh Tess McGowan, a bhí faoi stiúir Shelly Love agus a léirigh Louise Gallagher, agus é bunaithe ar an chaidreamh aisteach idir máthair neamhaibí Pamela agus a hiníon chriticiúil Allegra.

Tá Bronagh Gallagher sa phríomhról, taobh le Lola Petticrew, sa scannán croíúil seo. Tá an t-aicsean suite i gcathair Dhoire agus is de bhunadh na háite a bhí i bhformhór an chriú.

Bhí Cara Park - ceoltóir, ealaíontóir agus dearthóir áitiúil - i mbun na bhfeisteas ar an scannán, agus tá ceol an bhanna atá aici ‘Ar an Tábla’ le cluinstin san fhuaimrian fósta.

Chuaigh Meon Eile ar turas siopadóireachta le Cara chuig an siopa seanré ‘The Yellow Yard’ chun tuiscint a fháil ar an phróiseas feistis...

Close
Close