Tá taispeántas úrnua leis an ealaíontóir as Cill Dara, Rónán Ó Raghallaigh, le feiceáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste faoi láthair.
'Turais Taibhsí' is teideal don dara taispeántas aonair seo atá aige i mBéal Feirste a chuireann scéal na talún agus mothúcháin na staire taobh le chéile.
Chuaigh Rónán i mbun taighde ar feadh trí bliana leis an saothar seo a dhéanamh, ag tabhairt cuairt ar áiteanna naofa timpeall na tíre. Rinne sé staidéar ar an bhéaloideas agus ar an tseandálaíocht a bhain leis na háiteanna, agus rinne sé machnamh orthu ar nós na bhfilí, rud a thug tuilleadh spreagtha dó. Tá Rónán ag athfhoghlaim na Gaeilge, gné eile a chuaigh go mór i bhfeidhm ar a chuid oibre.
Is taispeántas lán beochta agus mothúchán é agus tá an oiread eilimintí spéisiúla le feiceáil i ngach píosa de. Trína bheith ag breathnú ar an saothar, is féidir cuid mhór a fhoghlaim faoi stair agus oidhreacht na n-ionad naofa: Teampall Bhríde (Cill Dara), Sliabh an Iarainn (Liatroim), Binn Éadair (Baile Átha Cliath), Coillidh Chlogáin (An Cabháin), Buaile an Charraigín (Cill Mhantáin), agus Sliabh gCuillinn (Ard Mhacha), i measc áiteanna eile.
In ainneoin shaibhreas agus áilleacht na láithreacha seo áfach, is minic a rinneadh damáiste dóibh nó a goideadh taiscí seandálaíochta uathu, gan caint ar an ghalldú a rinneadh ar a n-ainmneacha.
Léiríonn taispeántas Rónáin an taobh dorcha seo den scéal, ag cur ina luí ar an phobal mhór gur fadhb í seo a bhaineann linn ar fad.
Beidh 'Turais Taibhsí' sa Chultúrlann go dtí an Déardaoin, an 11 Meán Fómhair, agus is fiú go mór breathnú air, chomh maith leis an taispeántas 'Uisce Salach agus Dríodair’ le Anna Marie Savage atá i nDánlann Dillon.