Taispeántas Ealaíne Choláiste Feirste

Bunaíodh Coláiste Feirste sa bhliain 1991 le naonúr daltaí agus iad lonnaithe i seomra ranga i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.

D’aistrigh an scoil go láthair nua tamall de bhlianta ina dhiaidh sin agus tá fás agus forbairt shuntasach le sonrú inti ó shin.

Cúig bliana is fiche atá sleamhnaithe thart agus tá atógáil faoi lán seoil arís eile ar an láthair scoile agus níos mó ná 600 scoláire ag freastal uirthi. Leis an chlochmhíle seo a chomóradh bhí sárthaispeántas ealaíne d’obair na ndaltaí le feiceáil ar oíche speisialta eagraithe i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.

Bhuail Meon Eile isteach chuig oscailt oifigiúil an taispeántais a bheas le feiceáil do chách go dtí 13ú Deireadh Fómhair.

Taispeántas Ealaíne Choláiste Feirste
Close
Close