Cé chomh tábhachtach is atá leabhair Ghaeilge duitse? Is léir go bhfuil daoine ann amuigh ansin atá an-tógtha le leabhair trí Ghaeilge, go háirithe an t-údar Pádraig Ó Baoighill, atá tar éis ‘Oidhreacht Rann na Feirste 1’ a scríobh. Tógadh Pádraig i Rann na Feirste agus is áit an-ghar dá chroí é. Dar leis, tá leabhair Ghaeilge iontach speisialta agus an-tábhachtach do shláinte na teanga. Bhí Sarah de Búrca i láthair ag Cultúrlann Mc Adam Ó Fiaich i mBéal Feirste nuair a bhí seoladh leabhar Phádraig ar siúl.
An léann tú féin leabhair Ghaeilge?
Bí i dteagmháil linn. Beidh an cheist sin á plé ag Meon Eile amárach…