'Spéirbhean' le Máire Zepf

Tá gearrscannán il-ealaíne foilsithe ag an scríbhneoir Máire Zepf i dteannta leis an damhsóir Clara Kerr agus an stiúrthóir Jo Guthrie.

Léiríonn 'Spéirbhean' radharc úr ar an dearcadh a bhíonn ag mná i leith a gcoirp féin ag amanna éagsúla dá saol, chomh maith le ceiliúradh ar an áilleacht as cuimse a bhaineann le neart agus mianach na mban.

Labhair Meon Eile le Máire Zepf faoi phróiseas scríbhneoireachta an tionscadail, an spreagadh a fuair sí lena chur i bhfocail agus dul i gcomhar le Clara agus Jo.

Tá an gearrscannán ar fáil anseo: https://quotidian.ie/projects/entity-speirbhean/

Close
Close