Seoladh trí leabhar ag an aon ócáid amháin

An tseachtain seo caite seoladh trí leabhar ar leith i mBéal Feirste: an cnuasach filíochta 'Lámha Bána agus Dánta Eile’ le Micheál Ó Conghaile; bailiúchán eile dánta dar teideal 'Gafa i nGaza’ le Cathal Ó Searcaigh; agus an monagraf taighde 'Teanga don Tost: Micheál Ó Conghaile, Cathal Ó Searcaigh agus an Aiteacht’ a scríobh an Dr. Seán Mac Risteaird as Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Teacht le chéile galánta a bhí ann i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich leis an triúr scríbhneoirí agus Dónall Mac Giolla Chóill mar fhear an tí. Labhair gach duine acu ar a saothar féin agus léigh na filí, Cathal agus Micheál, dánta dá gcuid amach don scaifte a bhí i láthair.

D'fhreastail Meon Eile ar an seoladh agus bhí an deis againn labhairt leis an triúr ina dhiaidh.

Close
Close