Seoladh Club Sásta le Lumiére

Oíche speisialta a bhí ann i Halla Naomh Caoimhín i dTuaisceart Bhéal Feirste Dé Sathairn le trí sheoladh ag tarlú ann. Seoladh Club Sásta, an t-ionad nua ceoil, an Traditional Arts Co-Operative, agus albam nua Lumiére, My Dearest Dear.

Bhí gach uile dhuine ag tnúth le hócáid shuntasach, agus níor ligeadh síos iad – bhí ceol, craic agus cuideachta den chéad scoth ar an oíche.

Chuir bean an tí, Lynette Faye. fearadh na fáilte roimh an slua, sula ndearna daltaí ó Scoil Cheoil Tradisiúnta Ghleann Ghorm Liath seit álainn chun an lucht éisteachta a chur ar a shuaimhneas.

Tar éis roinnt bia a sholáthair an Traditional Arts Co-Op, bhí sé in am do na mná Ciarraíocha, Lumiére, le tionlachan ó Donagh Hennessy ar an ngiotár, an t-ardán a ghlacadh.

Bhí siad in ard-spiorad, théis iad a bheith ag ceol ar bord an bháid, an Jeanie Johnston i mBaile Átha Cliath an oíche roimh ré, gan trácht ar amhrán a dhéanamh ar an Late Late Show.

Dar le Pauline agus Éilís: “Bhíomar ar nós Bond Girls – an t-inneal fós ag dul sa charr chun muid a thógáil trasna na cathrach!”

Bhí Meon Eile ann chun labhairt leo siúd a bhí taobh thiar de, chomh maith leis an cheol agus spraoi a ghabháil ar cheamara…

Seoladh Club Sásta le Lumiére / Fearghal Ó Maolagáin

Bhí meascán idir amhráin bhríomhara agus shuaimhneacha le cloisteáil, le leithéidí Alabama agus The West’s Awake ag fáil aisfhreagra láidir ón lucht éisteachta.

Is iad na hamhráin atá le cloisteáil san fhíseán ná ‘Beidh Aonach Amárach’, ‘Who Knows Where the Time Goes’ (cloistear Sinéad O’Connor sa leagan atá ar an albam) agus ‘Two Sisters’.

Ba léir gur bhain siad uilig, mar aon leis an lucht éisteachta, an-sult as an oíche, agus bhí ceol agus craic ar bun go dtí mall san oíche.

Tús iontach le Club Sásta, agus gan amhras beidh gach duine i dTuaisceart Bhéal Feirste, agus níos faide i gcéin, ag súil leis an chéad cheann eile.

Tá albam nua Lumiére, My Dearest Dear, ar fáil anois.

Close
Close