Seoladh albam úrnua Clare Sands

Seoladh albam úrnua de chuid Clare Sands ar na mallaibh, ceoltóir agus amhránaí thar a bheith speisialta as Contae Chorcaí.

D’fhás Clare aníos sáite sa cheol, ag foghlaim na fidle ó bhí sí trí bliana d’aois agus ag seinm agus ag foghlaim óna muintir thart uirthi. Cé gurbh é an fhidil príomhuirlis s’aici, is féidir léi níos mó ná 10 n-uirlis a sheinm.

Is eispéireas ar leith é a bheith ag amharc uirthi ar an stáitse i mbun a ceirde: bheadh duine ar bith faoi dhraíocht ag a cuid ceoil agus liricí. Ní thiocfadh leat í a chur i gcomparáid le ceoltóir ar bith eile de bharr go bhfuil sí chomh héagsúil sin.

Bhí atmaisféar álainn réchúiseach ann i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Imeacht saor in aisce a bhí ann agus bhí fáilte roimh chách. Bhí sé tábhachtach do Chlare go mbeadh imeacht mar seo saor in aisce do dhaoine le linn na tréimhse deacra seo.

Chomh maith le scoth an cheoil agus na siamsaíochta, bhí comhrá thar a bheith spreagúil le cloisteáil idir Clare agus Edel Ní Churraoin, a labhair léi ar an stáitse idir na píosaí ceoil. Bhí tábla lán d’earraí ann fosta - t-léinte, málaí gualainne, ceirníní vinile agus dlúthdhioscaí, uilig cruthaithe ag Clare agus a foireann.

Labhair Meon Eile le Clare Sands tar éis an imeachta, a cuireadh ar siúl mar chuid de Fleadh Feirste. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Clare agus a cuid ceoil anseo.

Close
Close