Sean-Nós na Fearsaide '19

Tugadh blaiseadh agus léargas spleodrach ar thraidisiúin dhúchasacha na tíre - amhránaíocht, damhsa, lúibíní, agallamh beirte agus scéalaíocht - le linn an deireadh seachtaine seo caite ag Áras Mhic Reachtain i dtuaisceart Bhéal Feirste mar chuid de Shean-Nós na Fearsaide.

Is í príomhaidhm Shean-Nós na Fearsaide ná deis a thabhairt do dhaoine ceiliúradh a dhéanamh ar ár saibhreas teanga agus cultúir agus na healaíona traidisiúnta a threisiú agus a bhuanú i gcathair Bhéal Feirste.

Bhí buaiteoirí Oireachtas na Samhna 2018, chomh maith le hiarbhuaiteoirí agus cairde an Oireachtais, rannpháirteach i gceardlanna agus ceolchoirmeacha ó thús deireadh.

Naonúr amhránaí as gach cearn den tír a ghlac páirt sa chomórtas bliantúil amhránaíochta ar an sean-nós agus ba ar Bhláithín Mhic Cána as Contae Ard Mhacha a bronnadh an chéad duais, Corn Cuimhneacháin Uí Chriagáin, mar aon le £300 (urraithe ag Raidió Fáilte), iontráil saor in aisce don chomórtas cuí ag Oireachtas na Samhna 2019 & ticéad deireadh seachtaine don fhéile chéanna.

Chuaigh an dara duais (£150 & ticéad deireadh seachtaine do Oireachtas na Samhna 2019) chuig Naoise Mac Cathmhaoil de bhunadh Ard an Rátha i dTír Chonaill.

Close
Close