Sean-Nós Ard Mhacha Theas 2024

Don dara bliain i ndiaidh a chéile, eagraíodh Féile Sean-Nóis Ard Mhacha Theas i dTí Chulainn ar an Mhullach Bán i ndeisceart an chontae.

Is iad Gaelphobal Ard Mhacha Theas a bhíonn i mbun na féile seo agus i mbliana bhí scoth an cheoil le cloisteáil ó thús deireadh. Bhí idir cheardlanna agus chomórtais ann ar an lá, iad uilig ag ceiliúradh thraidisún an tsean-nóis, go háirithe na hamhráin áitiúla ón cheantar féin.

Thug Meon Eile cuairt ar an chomórtais ag deireadh an lae agus bhí reimse leathan catagóirí ann, ó pháistí faoi 9 mbliana d’aois go dtí daoine fásta.

Labhair muid le buaiteoir Chorn Mhic Cumhaigh, an comórtas sinsir, Gearóid Ó Deoráin, faoin chaighdeán ceoil a chonaic sé, go hairithe i measc na ndaoine óga, agus faoin bhród a mhothaíonn sé go bhfuil a leithéid d’fhéile ar siúl sa cheantar.

Mar eagraitheoir ar an lá bhí Oifigeach Forbartha GaelPhobal Ard Mhacha Theas, Bridie Ní Shúilleabháin, a dúirt go bhfuil méadú tagtha ar líon na ndaoine a bhíonn ag freastal ar an fhéile agus gan í ach dhá bhliain ar an fhód.

Is iad Máire Ní Choilm agus Antaine Ó Faracháin, beirt ceoltóirí agus amhránaithe clúiteacha, a bhí ina moltóirí ar na comórtais. D’inis Antaine dúinn faoin atmaisféar galánta a bhí ann ar an lá agus an tacaíocht a thug na hiomaitheoirí dá chéile.

Seo iad buaiteoirí na gcomórtas:

Corn Uí Annáin - Comórtas 9-12

1ú: Neansaí Nic Domhnaill

2ú: Tess Nic Dhonaile

3ú: Neasa Ní Ghribín

Corn Uí Arbhasaigh - Comórtas 12-15

1ú: Síomha Ní Ghribín

2ú: Katie Nic Uileann

3ú: Lauren Nic Con Midh & Aodhan Glas

Corn Chlann Mhic Eoghain - Comórtas 15-18 

Buaiteoir - Aoibhinn Ní Chroibhín

Corn Mhic Cumhaigh - Comórtas Sinsir 

1ú: Gearoid Ó Deorain

2ú: Aine Ní Bhreisleáin

3ú: Feilimí O’Connor & Bláithín Mhic Cana

Close
Close