Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy

Scoil Gheimhrimh Frankie Kennedy / Sarah de Búrca

Bunaíodh Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy sa bhliain 1994 tar éis bhás an cheoltóra chlúitigh chun a spiorad féin agus chun ceol traidisiúnta a choinneáil beo, go háirithe ceol agus amhráin Dhún na nGall.

Rugadh Frankie Kennedy i mBéal Feirste sa bhliain 1955. Bhain sé clú agus cáil amach ar fud na cruinne as feabhas a chuid ceoil ar an fheadóg.

Bhunaigh sé an banna Altan lena bhean Mairéad Ní Mhaonaigh agus d’éirigh go hiontach leo le héileamh idirnáisiúnta orthu.

Sheol RTÉ Raidió na Gaeltachta an fhéile le déanaí i mBéal Feirste.

Bíonn ranganna ceoil chomh maith le seisiúin den scoth ar siúl ag an Scoil Gheimhridh gach bliain.

Bíonn deichniúr i ngach rang agus moltar do na foghlaimeoirí gléas taifeada a thabhairt leo chun dul siar ar na ranganna.

I mbliana beidh Scoil Gheimhrimh Frankie Kennedy á reachtáil ón Déardaoin, 27 Nollaig 2012 go dtí an Máirt, 1 Eanáir 2013.

Beidh na himeachtaí ar fad ar siúl i nGaoth Dobhair, contae Dhún na nGall, agus tá fáilte roimh chách.

Chun níos mó eolais a fháil is féidir leat dul chuig suíomh Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy

Close
Close