Sceideal Fómhair Seolta ag TG4 - Fiche bliain ag fás

Sceideal Fómhair Seolta ag TG4 - Fiche bliain ag fás

Spraoi agus Spórt, Ceol agus Comhluadar – Soláthar don uile mhian sa gClársceideal Fómhair ag TG4.

Sheol TG4 sceideal nua an fhómhair inné, in Amharclann Smock Alley i mBaile Átha Cliath.

Réimse leathan de chláracha ceoil, faisnéise, drámaíochta, siamsaíochta, spóirt agus cúrsaí reatha atá i ndán don lucht féachana, chomh maith le scannáin agus cláracha do dhaoine óga.

Tá TG4 20 bliain ar an fhód i mbliana agus mas fíor an seanfhocal… fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth!

Seoladh sceideal an Fhómhar TG4 - Fiche bliain ag fás

Beidh an craoltóir Hector Ó hEochagáin ag taisteal ó Phanama go dtí an Bheilís ar Hector Central.

Rachaidh an Corcaíocht siúlach fiosrach John Spillane ar thóir na scéalta as ar fhás cuid de na hamhráin is ansa linn ar fad sa chlár, Na Bailéid.

Mar chuid den sceideal céanna, beidh an tsraithdhráma nua grinn, Na Fír Bolg, a thugann léargas nach bhfeictear go minic ar shaol an cheoil.

Agus beidh sraith nua dar teideal An Ríl Deal, sraith réaltachta ina mbeidh pearsana aitheanta ag gabháil don rince.

Chomh maith leis seo uilig beidh cláracha ar nós Imeall, Cómhra, Junior Eurovision , Ros na Rún, Róisín agus eile ar ais mar chuid den sceideal úr.

Bhí an cúpla clúiteach Jedward i láthair ag an seoladh fosta agus cheol siad ‘Óró Sé Do Bheatha Abhaile’ le John Spillane

John Spillane agus Jedward
Close
Close