Scéal ó Carolina: cnuasach nua le hÁine Ní Fhoghlú seolta i mBéal Feirste

Seoladh an cnuasach filíochta is úire de chuid Áine Ní Fhoghlú i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar na mallaibh.

‘Scéal ó Carolina’ is teideal don leabhar a bhfuil aistriúcháin go Béarla agus Spáinnis le fáil ann le cois na mbundánta Gaeilge. Filí mór le rá a thug faoi na haistriúcháin.

Labhair Meon Eile le hÁine faoi chúlra an bhailiúcháin, an spreagadh taobh thiar de, agus an próiseas scríbhneoireachta a chleacht sí.

Labhair muid fosta le Réaltán Ní Leannáin a sheol an leabhar in éineacht le hEoghan Mac Giolla Bhríde ón fhoilsitheoir Éabhlóid.

Is féidir ‘Scéal ó Carolina’ a cheannach ó An Siopa Leabhar anseo.

Close
Close