'Rúin Oscailte': Cnuasach filíochta nua le hÁine Ní Ghlinn

Foilsíodh cnuasach filíochta nua le hÁine Ní Ghlinn ar na mallaibh a bhfuil guth na mban agus stair na tíre lárnach ann. Tá Áine ag obair ar an chnuasach filíochta Rúin Oscailte le cúig bliana anuas agus d'éirigh léi é a chur i gcrích le linn na dianghlasála. Is í colcheathrar le hÁine, Tina Briggs, a rinne an ealaín do chlúdach an leabhair.

Labhair Meon Eile leis an scríbhneoir faoi Rúin Oscailte, atá foilsithe ag Coiscéim, agus faoi thionchar na pandéime ar a cuid scríbhneoireachta. Deir Áine go raibh an t-ádh uirthi le linn na pandéime nó bhí sí in ann dul i mbun pinn go rialta ar thograí éagsúla agus níor cuireadh aon bhac lena sruth cruthaitheach. 

Tá 32 leabhar anois foilsithe ag Áine idir filíocht do dhaoine fásta agus do pháistí chomh maith le scéalta, úrscéalta agus drámaí éagsúla. Ceapadh Áine ina Laureate na nÓg don tréimhse 2020-2023 agus í ag díriú go príomha ar chúrsaí litríochta do dhaoine óga faoi láthair. 

As seo amach beidh Áine ag obair ar úrscéal do dhaoine óga chomh maith le saothar filíochta dátheangach leis an fhile Béarla Catherine Ann Cullen. 

Is féidir Rúin Oscailte a cheannach anseo.


Close
Close