Réimse leabhar seolta ag Féile Liteartha Frances Browne

Bhuail Meon Eile isteach go Alexander’s, Bealach Féich, Co. Dhún na nGall, an tseachtain seo caite agus réimse leabhar á sheoladh mar chuid d’Fhéile Liteartha Frances Browne, féile bhliantúil a chomórann an file clúiteach ó Shrath an Urláir.

Seoladh ‘Treibheanna agus Trodaithe: Muintir de Mhiotais agus Scéalta na hÉireann’ le Dubhán Ó Longáin, ‘The Lost Isle of Saint Columba’ le Alan Millar, ‘Zero is Everything’ le Jennifer Leong agus ‘The Stories of Drumboe Castle’ le Pat Holland, agus ba é an t-údar Angeline King a bhí mar bhean an tí ar an oíche.

Rinneadh athsheoladh fosta ar an leabhar ‘New Voices from East Donegal’. Is cnuasach scéalta Gaeilge, Ultaise agus Béarla é seo a scríobh daltaí ó thrí bhunscoil áitiúla agus a chuir Dubhán Ó Longáin agus Alan Millar in eagar.

Labhair Dubhán linn ag tús na hoíche faoin leabhar nua atá foilsithe aige agus faoi na leabhair eile a bhí á seoladh, sin agus le cúlra Frances Browne í féin a phlé. D’inis sé dúinn chomh maith faoin oidhreacht teangeolaíochta atá le cluinstin i gceantar Bhealach Féich agus Srath an Urláir, agus go mbíonn sé mar sprioc ag coiste na féile ardán a thabhairt don Ghaeilge agus don Ultais achan bhliain le hurraim a thabhairt don oidhreacht áitiúil.

Close
Close