Eagraíodh Reic Leabhar i bhfoirgneamh Raidió Fáilte i mBéal Feirste ar na mallaibh chun tacaíocht a thabhairt do dhíoltóirí leabhar Gaeilge.
Is iad na díoltóirí a bhí i láthair ag an imeacht ná Tarlach Mac Ghiolla Bhríde ó Cavehill Books agus Seán Mac Labhraí, ‘An Mangaire Siúlach’. Chuir siad idir sheanleabhair agus leabhair úra ar fáil ar an lá agus ina measc bhí roinnt mhaith saothar nach bhfuil i gcló níos mó, cuid acu ag dul siar go dtí na 1800í.
Labhair Meon Eile le Tarlach agus le Seán faoin reic agus d’inis siad dúinn faoin phaisean atá acu na seanleabhair a chaomhnú agus a thabhairt ar ais do phobal na Gaeilge.
Thig leat Cavehill Books a aimsiú anseo agus dul i dteagmháil leis An Mangaire Siúlach anseo.