Ollseisiún ceoil na mac léinn i dTigh Mhadáin

Oíche Mháirt sa gheimhreadh agus bhí thuas staighre i dTigh Mhadáin, teach tábhairne clúiteach ceoil i mBéal Feirste, lán go béal le ceoltóirí traidisiúnta a tháinig as gach cearn den tír le páirt a ghlacadh san ollseisiún a reáchtáil an Cumann Ceoil Thraidisiúnta ag Ollscoil Naomh Muire. 

Bhí suas le 120 ceoltóirí ann, agus tháinig 87 acu aníos as Baile Átha Cliath an lá sin. Labhair Meon Eile le Róise Ní Mhurchú, ceoltóir, amhránaí agus Oifigeach Imeachtaí an Chumainn faoin ócáid mhór. 

Dúirt Róise gurbh é anuraidh an chéad uair a reáchtáil siad an t-ollseisiún agus gur éirigh chomh maith sin leis gur eagraigh cumainn eile thart fán tíre imeachtaí den chineál chéanna ina dhiaidh.

Tá sé i gceist ag an Chumann Ceoil Thraidisiúnta tuilleadh imeachtaí mar é a chur sa tsiúl amach anseo.

Close
Close