Oíche Scéalaíochta i dTigh Mhadáin

Reáchtáladh an chéad oíche scéalaíochta i dTigh Mhadáin i lár Bhéal Feirste ar na mallaibh. Mar chuid den imeacht seo, chruinnigh scríbhneoirí áitiúla le chéile chun a saothar a roinnt os comhair lucht féachana. Bhí beirt príomhchainteoirí i láthair, Seán Óg Gibson agus Aoibh Johnson, agus roinnt cainteoirí eile a chuir leis an oíche.

Is é ‘Seán an Seanchaí’ a bhíonn i mbun na n-ócáidí seo agus tá sé de rún aige ‘Leabharlann’ nó ciorcal léitheoireachta a óstáil gach Déardaoin, agus oíche scéalaíochta a dhéanamh ar an Déardaoin deiridh de gach mí.

Labhair muid le Seimí Mac Aindreasa a bhí ag caint ar an oíche. Léigh sé scéal grinn a scríobh sé darb ainm ‘Type Specimen’, agus d’inis sé dúinn faoin éileamh atá ann i mBéal Feirste chun spás cruthaitheach a chur ar fáil do scríbhneoirí fosta.

 Thig leat níos mó eolais a fháil faoi na himeachtaí seo anseo.

Close
Close