Oíche Ghradaim NÓS 2026

Bronnadh Gradaim NÓS 2026 oíche Dé Sathairn seo caite sa Black Box, Béal Feirste. Bhí scoth na gceoltóirí ainmnithe i naoi rannóg éagsúla, agus bhí an áit plódaithe le lucht na Gaeilge agus an cheoil ó fud fad na hÉireann. 

Chomh maith le bronnadh na ngradam iad féin, bhí roinnt ceoltóirí le cluinstin agus iad ag seinm ar an ardán – Súil Amháin agus Ushmush, Eve Belle, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Cúán de Búrca agus HHH, agus Tempest, a sheas isteach in ionad Amano agus í tinn. 

Ghlac Conor Torbóid, eagarthóir NÓS, an t-am le labhairt le Meon Eile faoin ócáid. Chuaigh Conor ar aghaidh le gradam ‘Ceoltóir Aonair na Bliana’ a bhuachan faoina ainm stáitse ‘Torby’ ní ba mhoille san oíche.

Bhí deis againn fosta labhairt le Catríona Ní Ghribín ó Huartan agus Dónall Mac Ruairí ó Chlann Mhic Ruairí i ndiaidh don dá bhanna sin gradaim a fháil. 

Close
Close