Oíche Airneáil in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí

Bhí Tigh Mhadáin i lár Bhéal Feirste lán go doras Dé hAoine seo caite agus Oíche Airneáil ar siúl ann in ómós don chraoltóir clúiteach nach maireann, Rónán Mac Aodha Bhuí. Eagraíodh an t-imeacht mar chuid den fhéile Liú Lúnasa chun saol Rónáin a cheiliúradh tríd an cheol, beagnach bliain ar aghaidh ó cailleadh é.

Thaistil ceoltóirí aitheanta ó gach cearn den tír chun seinm ag an oíche agus insíodh scéalta faoin dóigh ar thug Rónán ardán agus tacaíocht dóibh agus iad ag tosnú amach mar cheoltóirí óga.

Labhair muid le Caitriona Ní Ghribín, ceoltóir ó Ghaoth Daobhair, faoin chairdeas a bhí aici le Rónán agus faoin chuidiú a thug sé di agus do ghrúpa ceoil s’aici nuair a bhí sí óg. Labhair sí fosta faoin atmaisféar galánta a bhí ann don oíche.

Bhí Seán Ó Muireagáin mar fhear an tí ar an oíche agus d’inis sé roinnt scéalta faoi Rónán agus faoi na héachtraí a bhí acu mar dhlúthchairde i gcaitheamh na mblianta. Labhair sé linn fosta faoin nasc a bhí ag Rónán le muintir Bhéal Feirste agus leis an cheol go háirithe, sin agus an tionchar thar a bheith dearfach a bhí aige ar dhaoine ó fud fad na cruinne.

Close
Close