Muireann Nic Amhlaoibh agus a cairde in Aonach Mhacha ar na mallaibh

Bhí an t-amhránaí agus ceoltóir clúiteach as Contae Chiarraí, Muireann Nic Amhloaibh, ag ceol do mhuintir Ard Mhacha ar na mallaibh agus coirmcheol speisialta aici in ionad Gaeilge na cathrach.

In éineacht le Muireann ar an oíche bhí beirt chairde léi, mar atá Dónal O’Connor agus Gerry O’Beirne, agus iad ar camchuairt bheag thart ar Éirinn.

Bhí réimse leathan ceoil le cloisteáil le linn na gige réchúisí seo in Aonach Mhacha, le Gerry ar an ghiotár, Dónal ar an mhéarchlár agus ar an fhidil, agus Muireann ar an fheadóg stáin agus an fheadóg mhór, agus ag canadh go binn fosta ar ndóigh.

Beidh an triúr cumasach ar ais ag ceol le chéile an Satharn beag seo sa Chultúrlann in Áth Trasna i gcontae Chorcaí, agus is féidir ticéad don ghig sin a fháil anseo. 

Close
Close