‘Mór agus Muilc’ - Leabhar úr Gaeilge do pháistí

Tá leabhar úr do pháistí, dar teideal ‘Mór agus Muilc’, foilsithe ag an chomhlacht Éabhlóid.
Scéal traidisiúnta é ‘Mór agus Muilc’ a fuair Dónall Ó Cnáimhsí óna uncail John Óg Hiúdaí Neidí Ó Colla as Gaoth Dobhair.
Fear a bhí in John Óg a raibh bua na cuimhne aige agus, dá bharr sin, bhí an oiread scéalta bailithe ina cheann aige.

Tá teachtaireacht sa scéal, gan gach rud dá gcluin tú a chreidbheáil i gcónaí, agus i saol an lae inniu atá lán de scéalta bréagnuachta agus scéalta áibhéalacha, is críonna an chomhairle é cinnte.

Tá an scéal áirithe seo foilsithe i leabhar ag an chomhlacht Éabhlóid agus maisithe go slachtmhar ag an ealaíontóir Kim Sharkey.

Tá ‘Mór agus Muilc’ ar fáil sna siopaí anois.

Close
Close