Liú Lúnasa 17: Tá an clár amuigh!

Seoladh clár Liú Lúnasa an tseachtain seo i dteach tábhairne an Sunflower i lár Bhéal Feirste.

Seo an tríú bliain don fhéile imeall-chultúir agus i mbliana beidh sí níos faide ná riamh roimhe le seachtain iomlán de réimse leathan imeachtaí 21-27 Lúnasa.

I measc imeachtaí na féile i mbliana beidh ceardlann féinchosanta d'fhir agus mná, plé ar Ghaelphobail úra, comórtas slam filíochta, léiriú den scannán 'Banríon na bhFál', dianchúrsa Gaeilge agus neart eile.

Beidh an dá cheolchoirm mhóra ag deireadh na seachtaine ina mbuaicphointí.

Oíche Aoine beidh Cóisir Thrá ar siúl sa Chultúrlann le Daithí, Lauren Ní Chasaide, Pádraig Jack agus Séamus Barra ar ardán.

Beidh Liú Lúnasa i lár an aonaigh ansin le ceolchoirm shaor in aisce i gCearnóg an Bhruaigh i lár Bhéal Feirste oíche Shathairn.

Deis do mhuintir na cathrach ar fad a bheas ann ceol ó leithéidí Griogair, Dysania agus Boss Sound Manifesto a chluinstin.

Bhailigh slua sa Sunflower i dteannta choiste Liú Lúnasa Dé Luain chun clár na bliana seo a sheoladh agus bhí Meon Eile i láthair.

Close
Close