Little Amal ar Cuairt ar Éirinn

Ar an 16 Bealtaine, tháinig Little Amal go Béal Feirste chun tús a chur lena turas sa tír. Beidh sí ag taisteal go cathracha agus bailte éagsúla ar fud an oileáin go dtí go bhfágfaidh sí ar an 25 chuig an chéad cheann scríbe eile. Chuir gach áit ar thug sí cuairt uirthi fáilte roimpi le réimse imeachtaí éagsúla. 

Puipéad 12 throigh de theifeach ón tSiria is ea Little Amal agus de réir an scéil, tá sí ag taisteal an domhain ag lorg a máthar. 

Thug Meon Eile cuairt ar an iasc mhór ag Abhainn an Lagáin i mBéal Feirste, áit ar leag sí a céad chéimeanna ar thalamh na hÉireann agus ansin shiúil sí go Cearnóg Theach an Chustaim, áit a raibh ceolchoirm ar siúl ina honóir. Ansin ar a hoíche dheireanach sa chathair, thug sí cuairt ar Chaisleán Bhéal Feirste, áit ar chuir Gráinne Holland agus a foireann seó ar siúl le ceol, cultacha, tine agus na Tuatha Dé Danann ag cur fáilte roimh Little Amal chuig a paintéón. 

Bhí Conradh na Gaeilge, a sheol a dtionscadal nua 'Céad Míle Fáilte' le déanaí (a bhfuil sé mar aidhm aige iarrthóirí tearmainn agus teifigh a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim) i láthair ag gach ócáid le cinntiú go mbraithfí an Ghaeilge agus Little Amal ag taisteal na tíre. 

Labhair Meon Eile le Connlaith Ní Raifeartaigh agus Michaeline Ní Dhonnghaile ó Chonradh na Gaeilge a luaigh an tábhacht a bhaineann le fáilte a chur roimh dhaoine ó thíortha eile chuig an Ghaeilge.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Close
Close