Lá na bPancóg 2023

Lá na bPancóg - nó Máirt na hInide - atá ann inniu, lá amháin roimh an Charghas.

De réir thraidisiún na Críostaíochta, bíonn daoine ag éirí as bia saibhir cosúil leis na huibheacha, im, siúcra agus saill don Chargas. Mar sin de, déantar na pancóga as na comhábhair bhlasta seo le hullmhú don tréimhse dúshlánach atá amach romhainn.

Is le hÉirinn agus leis an Ríocht Aontaithe a bhaineann nós seo na bpancóg den chuid is mó, ach bíonn ceiliúradh den chineál céanna ar siúl ar fud an Domhain inniu fosta. Mar shampla, i roinnt tíortha eile is ‘Mardi Gras’ a thugtar ar an lá seo.

Labhair Meon Eile le Brídín Uí Choinn agus lena mac beag, a bhí ag baint triail as pancóga a dhéanamh le chéile. D’inis Brídín dúinn faoi cé chomh tábhachtach is atá sé an t-am speisialta seo a chaitheamh le mac s’aici agus iad ag cócaireacht, go háiritihe mar mháthair aonair a bhíonn iontach gnóthach ar bhonn laethúil.

Close
Close