Lá Domhanda Raidió UNESCO á cheiliúradh i Raidió Fáilte

Lá Domhanda Raidió UNESCO á cheiliúradh i Raidió Fáilte

Bhí atmaisféar leictreach i Raidió Fáilte i mBéal Feirste ar an Aoine agus Lá Domhanda Raidió UNESCO á cheiliúradh ann.

D’fhreastail baill de na heagraíochtaí Gaeilge, mar aon le go leor daltaí ó roinnt meánscoileanna sa chathair, ar na stiúideonna don ócáid.

Ba é ‘daoine óga agus an raidió’ téama an lae i mbliana.

Thosaigh an lá le hóráidí ó na haíonna speisialta, ina measc an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín, agus Seán Ó Cuinn ó Fhóras na Gaeilge. Ba é Tomaí Ó Conghaile a bhí mar fhear an tí.

Bhí Meon Eile i láthair i rith na maidine chun labhairt le cuid de na daoine a bhí ag glacadh páirte ann…

Lá Domhanda Raidió UNESCO á cheiliúradh i Raidió Fáilte

Ag a trí a chlog san iarnóin, bhí comh-chraoladh idir RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáilte, Raidió na Life agus Near FM.

Ba é clár Rónán Beo a chuaigh amach ar na haerthonntaí agus bhí sé le cloisteáil ar fud na hEorpa chomh maith.

Close
Close