Imeacht Gaeilge ag an fhéile Imagine Belfast 2022

Bhí imeacht Gaeilge ar siúl san amharclann Black Box i rith na seachtaine mar chuid den fhéile Imagine Belfast. Is iad Gael Linn agus An Droichead a d'eagraigh an t-imeacht a raibh paineáil cainte ann a chíorcaigh todhchaí na Gaeilge céad bliain i ndiaidh dheighilt na tíre.  

Bhí Katie Ní Chléire, Máirtín Ó Muilleoir, an Dr. Pól Deeds agus an tUrramach Jim Stothers mar aíonna ar an oíche. Bhí an Dr. Véronique Altglas le bheith ar an phainéal fosta ach ní raibh sí in ann teacht de bharr chúrsaí Covid.

Labhair Meon Eile le Réamonn Ó Ciaráin, Stiúrtheoir Oideachais Ghael Linn a bhí mar fhear an tí ag an imeacht. Bhí Réamonn den tuairim gur pléadh neart topaicí agus gur rud maith é gur tharla an comhrá as Béarla toisc gur leathnaigh sé an t-abhar do dhaoine nach bhfuil cur amach acu ar shaol na teanga.

Bhain Katie Ní Chléire sult as an chomhrá fosta, an éagsúlacht i dtuairimí na bpainéalaithe san áireamh, mar a bhain an Dr. Pól Deeds chomh maith.

Close
Close