Achan bhliain sula dtéann na mic léinn ar fad abhaile don Nollaig, cuireann scaifte mór mac léinn ó Choláiste Ollscoile Naomh Muire in Iarthar Bhéal Feirste seó ar leith i láthair dá gcairde agus don phobal.
Bíonn an deis ag mac léinn ar bith atá ag freastal ar an choláiste dul le haghaidh éisteachta agus páirt a fháil sa dráma. Tá ról lárnach ag an cheol i gcultúr agus in éiteas na coláiste, fiú do na mic léinn nach ndéanann staidéar ar an ábhar. Is eispéireas den scoth é Seó na Nollag agus tugann sé seans dóibh fosta aithne a chur ar dhaoine nach mbeadh ina gciorcail shóisialta de ghnáth, agus cairdeas nua a dhéanamh dá réir.
I mbliana, bheartaigh siad ar 'High School Musical' a léiriú. Thug Meon Eile cuairt ar na mic léinn agus iad i mbun an chleachtaidh dheireanaigh roimh an seó mhór an oíche sin. Labhair muid le hEoin Ferry ('Troy Bolton'), Rachel O'Hanlon (gárthóir molta) agus Ben Friel ('Chad').