Tharraing ceolchoirm ‘Flutopia: In Ómós do Frankie Kennedy’ slua mór go dtí an Social ar an Bhun Bheag an tseachtain seo caite agus an ghig mar chuid de Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, atá 30 bliain ar an fhód.
Cuireann Belfast TradFest — a rinne urraíocht ar an imeacht — ceolchoirm ‘Flutopia’ ar siúl go bliantúil i mBéal Feirste. B’eagrán speisialta é seo, áfach, a rinne comóradh ar shaol agus ar shaothar an fhliúiteadóra Frankie Kennedy ar bunaíodh an fhéile in ómós dó i ndiaidh a bháis in 1994.
Ba as Baile Andarsan do Frankie agus bhí sé i measc an rabharta fliúiteadóirí a tháinig chun cinn i mBéal Feirste i rith na 1970idí. Ba eisean agus a bhean chéile, an ceoltóir clúiteach Mairéad Ní Mhaonaigh, a bhunaigh an grúpa cáiliúil Altan.
Tháinig ceoltóirí mór le rá le chéile le hoidhreacht Frankie a chomhroinnt agus a chomóradh le linn na ceolchoirme. Ina measc bhí Gary Hastings, Christine agus Martin Dowling, Desi Wilkinson, Anna Friel, agus Tara agus Dermy Diamond.
Labhair Meon Eile le Cathal Ó Curráin, stiúrthóir Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, agus le Dónal O’Connor, stiúrthóir ealaíne Belfast TradFest, faoin cheolchoirm.