Ba stairiúil an lá é an Luan seo caite nuair a cuireadh tús le Fleadh Cheoil an Dúin i nDún Pádraig den chéad uair riamh. Tá an baile ag ceiliúradh na Fleidhe in áiteanna éagsúla sa cheantar go dtí an 21 Meitheamh.
Agus ar ndóigh tá tréimhse chorraitheach romhainn agus sinn ag bogadh i dtreo Fhleadh Cheoil na hÉireann. Beidh an ceiliúradh idirnáisiúnta ar an cheol Ghaelach ag titim amach i mBéal Feirste den chéad uair riamh i mí Lúnasa.
D’fhreastail Meon Eile ar sheoladh Fhleadh Cheoil an Dúin, áit a raibh ceol agus damhsa taobh amuigh d’Ionad Naomh Pádraig i lár baile Dhún Pádraig.
Labhair muid le Maedbh agus Eamonn Higgins ó Lecale Comhaltas atá ar bís go bhfuil Fleadh an Dúin sa bhaile s’acu féin den chéad uair riamh agus na deiseanna a thabharfaidh seo don cheantar agus do na ceoltóirí ann.


