Físeáin le feirmeoir óg as Ciarraí á mearscaipeadh ar TikTok

Is feirmeoir déiríochta é Seaghán Ó Suilleabháin ón Ríocht a bhfuil clú agus cáil air ar an app ‘TikTok’. Thosaigh sé amach ag cur físeáin in airde dá choileán caorach Braindí agus é á thraenáil ar an fheirm. D’fhás líon na leantóirí a bhí ag a chuntas ‘@kerrycowboy’ de réir a chéile agus anois tá níos mó ná 150,000 leantóir aige.

Úsáideann Seaghán a ardán ar an app chun níos mó ná a mhadadh caorach a thaispeáint. Cuireann sé físeáin in airde faoi chultúr na nGael agus faoin Ghaeilge, rud a bhfuil bród aige as.

Is féidir ‘@kerrycowboy’ a leanúint ar TikTok chun níos mó a fháil amach faoin mhéid atá ag dul ar aghaidh ag Seaghán ar an fheirm i gConate Chiarraí. Go n-éirí leis!

Close
Close