Féile Nasc na nGael - Féile úrnua i nGaeltacht Thír Chonaill

Cuireadh tús le 'Féile Nasc na nGael' den chéad uair i mbliana i gCloich Cheann Fhaola i nGaeltacht Thír Chonaill.

Bhí meascán ceolchoirmeacha agus ceardlann ar súil thar an deireadh seachtaine agus ceiliúradh á dhéanamh ar an nasc idir Albain agus Tír Chonaill.

I measc na gceoltóirí agus damhsóirí a bhí i mbun ceardlainne bhí; Joy Dunlop, Máire Ní Choilm, Addie Harper, Sophie Stephenson, Edel Ní Churraoin, Diane Cannon agus Seán Ó Muireagáin.

Bhí Ceolchoirm leis na Mooneys, Ceilidh na hAlba agus turas stairiúil Cholmcille go Toraigh i measc cuid de na hócáidí a bhí ar súil mar chuid den fhéile.

Close
Close