Féile na Gealaí ag dul ó neart go neart

Tá Féile na Gealaí anois ar cheann de bhuaicphointí Gaeilge na bliana.

Ó thús beag dhá bhliain ó shín, tá an fhéile cheoil agus champála do na Gaeil ag dul ó neart go neart.

Chruinnigh daoine ó gach cearn den tír le chéile i Ráth Chairn Glas na Mí ag an deireadh seachtaine le haghaidh Fhéile na Gealaí 2018.

Bhí scoth an cheoil le cluinstin agus neart imeachtaí ar siúl do gach aoisghrúpa mar chuid den deireadh seachtaine, ranganna ióga, lá teaghlaigh agus an t-imeacht filíochta REIC ina measc.

Mar chuid den fhéile bhí ceol ó ghrúpaí ar nós, Niteworks, LAS, IMLÉ, Kneecap agus Smugairle Róin.

Bhí iondaíocht mhaith ó áiteanna eile i gCúige Uladh fosta leis An Crannóg as Gaeltacht Thír Chonaill, JJ Ó Dochartaigh as Doire agus Abhainn Bheara as Béal Feirste.

Bhí Meon Eile i lár an aonaigh arís i mbliana agus seo chugaibh blaiseadh beag den chraic agus den cheol ón deireadh seachtaine…

Close
Close