‘Múscail na Fathaigh’ i gContae an Dúin

Bhí an fhéile ‘Wake the Giants’ ar siúl ar an Phointe i gContae an Dúin ar na mallaibh agus cuireadh togha na síscéalta agus na miotaseolaíochta Gaelaí chun cinn lena linn.

Is í Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin a reáchtáil an fhéile, áit a raibh seisiúin scéalaíochta, ceardlanna adhmaid, miotail agus caolaigh, féasta ollmhór ar an tseandóigh agus ceol den scoth le Cora Kelly agus Luka Bloom. Cé go raibh fearthainn millteanach trom ar an lá, níor chuir sin stop leis an chraic agus an tsiamsaíocht!

Labhair Meon Eile le Ruairí Ó Donnáin ó Chonradh na Gaeilge, Boirche Íochtar a bhí i láthair le páirt a ghlacadh sna himeachtaí éagsúla. 

Coinnigh súil ar na meáin faoi choinne na n-imeachtaí eile atá beartaithe ag Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin do na míonna amach romhainn.

Close
Close