Cad atá i gceist le Lúnasa? Léargas le Réamonn Ó Ciaráin

Leath bealaigh idir Grianstad an tSamhraidh agus Cónacht an Fhómhair, titeann an fhéile Lúnasa. Is é Lúnasa an tríú mórfhéile ársa Ghaelach sa bhliain agus is leis a chuirimid fáilte roimh an Fhómhar.

Is am ríthábhachtach é Lúnasa go fóill agus déantar ceiliúradh ar an traidisiún fud fad na tíre in ómós dár sinsir, agus don talamh. Chuaigh muid go Carraig an tSeabhaic i ndeisceart Ard Mhacha, áit a mbíonn Lúnasa á ceiliúradh ag na daoine áitiúla.

Síolraíonn ainm na féile ó Lugh, dia na gréine a bhunaigh Cluichí Tailteann in ómós dá mháthair altrama, Tailtiú. Baineann an t-am seo den bhliain le neart, le hóige agus le buíochas a thabhairt do na barra a thagann ón talamh.

Mhínigh Réamonn Ó Ciaráin roinnt de na scéaltaí agus na traidisiúin a bhaineann le Lúnasa i stair na tíre dúinn…

Close
Close