Bhunaigh Andrew Whitson agus Caitríona Nic Sheáin an comhlacht foilsitheoireachta An tSnáthaid Mhór sa bhliain 2005.
Shocraigh an lánúin go n-oibreodh siad chun miotaseolaíocht agus seanscéaltaí na hÉireann a chur ar fáil do léitheoirí óga ar bhealach nua-aimseartha.
Is maisitheoir agus ealaíontóir é Andrew agus is é a chuid oibre féin a fheictear i leabhair uile an chomhlachta.
Ag tús an tsamhraidh bhí taispeántas nua aige i nDánlann Dillon i mBeál Feirste.
“Inaitheanta?” an t-anim a bhí air agus léiríodh pictúirí agus carachtair ar a raibh cuma aitheanta go dtí gur breathnaíodh níos cóngaraí orthu.
Agus bhí an taispeántas seo mar chúlra daite dathúil ag seoladh leabhair a bhí ag an An tSnáthaid Mhór le déanaí.
Is leabhar gleoite é ‘Muireann agus an Míol Mhór’ a scríobh Malachy Doyle agus a d'aistrigh Máire Zepf, agus atá tugtha chun beatha ag léaráidí Andrew.
Bhí Meon Eile i láthair ag na himeachtaí i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste, áit ar labhair muid le Caitríona agus Máire faoin obair atá deánta ag Andrew go dtí seo.
Le tuilleadh eolas a fháil ar An tSnáthaid Mhór, téigh anseo.