'Dochreidte' – Sraith bheochana le daoine óga, do dhaoine óga

Líonadh Omniplex an Iúir an tseachtain seo caite nuair a taispeánadh an tsraith úrnua bheochana 'Dochreidte' i bpictiúrlann mhór na cathrach.

Is sraith í seo a bhfuil daltaí scoile taobh thiar di agus atá mar chuid de thionscadal ceithre bliana a reáchtáil Louise Smyth ó Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, agus bhí páistí ón Iúr féin, ó Chontae Ard Mhacha agus ó Chontae an Dúin i láthair chun a gcuid oibre a fheiceáil ar an scáileán mór.

Bhí Louise ag iarraidh scéalta a chluinstin ó na daoine óga féin agus eagraíodh ceardlanna inar scríobh 45 dhalta scéalta bunaithe ar an choróinvíreas agus ar an dianghlasáil. Dúirt Louise gur dúshlán mór a bhí ann na 45 scéal a ghearradh síos go 10 gcinn mar go raibh cruthaitheacht den scoth i ngach ceann acu.

I ndiaidh di maoiniú a fháil ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, bhuail Louise le Andy McHugh ó Boom Clap Play agus chuir siad struchtúr ar gach ceann de na deich scéal agus d'aistrigh siad isteach ina scripteanna iad. Ansin bhí sé faoi Phádraic Ó Tuairisc ó Zoogon deichniúr daltaí eile a fháil isteach sa stiúideo chun guthú a thaifeadadh do na scannáin bheochana. Tar éis ceithre bliana de dhian-iarracht ó na daoine óga agus na daoine fásta a d'oibrigh ar na tionscadal, bhí na deich ngearrscannán beochana réidh le taispeáint os comhair lucht féachana. 

D’freastal 250 duine ar an phictiúrlann le hamharc ar an saothar agus bhronn an Méara Michael Savage gradam ar gach duine de na páistí a ghlac páirt sna gearrscannáin.

Bhí Meon Eile i láthair agus labhair muid le Louise faoin phróiseas ar fad ó leathanach go scáileán. Labhair muid le Andrew McHugh ó Boom Clap Play faoin obair bheochana agus le Pádraic Ó Tuairisc faoi na seisiúin taifeadta. Labhair muid fosta le Patrick agus Eithne, ar cuireadh a gcuid scéalta in oiriúint don scáileán.

Coinnigh súil ar shuíomh gréasáin Meon Eile agus ar na meáin shóisialta mar go gcraolfar na deich scannán beochana anseo gach Aoine go ceann deich seachtaine, ag tosú amárach le heipeasóid a haon, 'Dochreidte – Madadh Seachráin Thar Barr' scríofa ag Erin-May Trainor.

Close
Close