Craobh Abair 2018 i mBaile Eachaidh, Co. Dhoire

Chuaigh daltaí meánscoile san iomaíocht ar na mallaibh i gcomórtas cainte poiblí Ghael Linn ‘Abair’, san ionad Seamus Heaney HomePlace i mBaile Eachaidh, Co Dhoire.

Bhí daltaí ó 10 gcondae éagsúla páirteach i rannóga an chomórtais. Is iad na daltaí féin a roghnaíonn ábhar a gcainteanna agus bhí réimse leathan de thopaicí á gclúdach ag craobh na bliana seo.

Is comórtas é seo atá á reachtáil ag Gael Linn leis na blianta chun spéis scríofa agus cainte i nGaeilge a chothú i ndaltaí dara leibhéil.

Bhí Meon Eile i láthair agus labhair muid le buaiteoirí agus lucht eagraithe an chomórtais.

Close
Close