Is le Corn an Oireachtais - comórtas cór do Ghaelscoileanna - a cuireadh tús le Sean-Nós na Fearsaide in Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste, ar na mallaibh.
Bhí cúig bhunscoil ó fud fad an Tuaiscirt páirteach sa chomórtas agus is iad Bunscoil Bheanna Boirche as Contae an Dún a bhain an corn i bliana.
Tá Sean-Nós na Fearsaide ag dul ar aghaidh ó bhí 2014 ann le comórtais sa tsean-nós, seoltaí leabhair agus ócáidí eile. Tá fás agus forbairt tagtha ar an fhéile i gcaitheamh na mblianta, go háirithe ó thaobh rannpháirtíocht i gCorn an Oireachtais.
Labhair muid le Daithí Mac Uait ó Áras Mhic Reachtain faoin bhorradh agus faoin atmaisféar beomhar a bhí san fhoirgneamh le linn na féile.
Is é an ceoltóir aitheanta Irial Ó Ceallaigh a bhí ag moltóireacht ag Corn an Oireachtais agus d’inis sé dúinn faoin sárchaighdeán amhránaíochta a chonaic sé i measc na scoileanna, sin agus faoin obair chrua a chuireann múinteoirí, tuismitheoirí agus daoine áitiúla isteach chun imeachtaí mar seo a chur le chéile.


