Comórtas Tallainne Idir-Ollscoile

Eagraíodh Seó Tallainne i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath le déanaí chun ceiliúradh a dhéanamh ar na healaíona traidisiúnta. Cuireadh an comórtas ‘Fonn Steip agus Ceoil’ ar siúl ag Gaeltacht COBÁC in éineacht le Tradsoc agus Cumann Gaelach COBÁC ar láthair na hollscoile ach bhí an comórtas ar oscailt do mhic léinn ó gach institiúid tríú leibhéal in Éirinn.

Deis luachmhar a bhí sa chomórtas scileanna ceoil, damhsa agus amhránaíochta a chur chun stáitse agus thuirling na sluaite ar Chlubtheach COBÁC chun na rannpháirtithe a fheiceáil.

Bhí ceoltóir aitheanta agus réalta TG4, Dóireann Ní Ghlacáin, mar bhean an tí ar an oíche agus bhí scoth na moltóirí i láthair chomh maith. Ina measc bhí an damhsóir sean-nóis, Sibéal Davitt agus an t-amhránaí, Seán Ó Casaide. Ón ollscoil féin, bhí reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, Méabh Ní Chathail agus Eoghan Baxter ón Tradsoc ina moltóirí chomh maith.

Bronnadh duais €500 ar bhuaiteoir an chomórtais agus bhí an bua iomlán tuillte ag Caoimhe Ní Mhaolagáin ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a bhí ag damhsa agus a hathair Néillidh ag seinm na bpíobaí.

 Bhí an t-ádh ar Meon Eile a bheith i láthair ar an oíche agus ba léir go bhfuil scoth na tallainne ag mic léinn na tíre seo againn.

Close
Close