Bhuail Meon Eile isteach ar Chiorcal Airneáil Anna Bella Nic Seoin agus Séumais Mhic Mhánais i Leabharlann Bhaile Dhún na nGall Déardaoin seo caite le blaiseadh a fháil den chraic agus ceol a bhíonn ar siúl ag an ghrúpa.
Tagann an ciorcal airneáil le chéile achan Luan i dTeach Ósta na Mainistreach agus achan Déardaoin i Leabharlann Bhaile Dhún na nGall le litríocht agus filíocht a roinnt le chéile, poirt a sheinm, amhráin a chasadh agus comhráite a bheith acu i nGaeilge.
Bunaíodh an ciorcal airneáil sa bhliain 2000 agus ó shin go dtí gur thosaigh an dianghlasáil in 2020, bhailíodh an grúpa le chéile i dtithe na ndaoine a bhíodh páirteach. Nuair a atosaíodh an ciorcal i ndiaidh na dianghlasála, socraíodh go gcuirfí ar siúl é in áiteanna éagsúla i mBaile Dhún na nGall. Tá sé pleanáilte ag baill an ghrúpa, áfach, go mbeidh an ciorcal ag bogadh ar ais chun na dtithe san fhómhar le filleadh ar an nós traidisiúnta de bheith ag airneáil ó theach go teach.
Labhair Seosamh Mac Suibhne linn faoin ghrúpa agus faoin tairbhe atá le baint as bheith ag airneáil, ní hamháin ó thaobh na teanga agus an chultúir de, ach ó thaobh folláine phearsanta chomh maith.

