Ceolfhoireann agus Cór Inis Eoghain sa Cheoláras Náisiúnta

Bhí muintir Inis Eoghain ar an stáitse sa Cheoláras Náisiúnta oíche Dé Domhnaigh seo caite. Seó díolta amach a bhí ann agus i measc an lucht féachana bhí Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, agus Sabina Higgins, chun an ócáid speisialta stairiúil a cheiliúradh.

Is é Martin Tourish cóiritheoir agus stiúrthóir an ghrúpa Inishowen Traditional Music Project agus is é Lorna McLaughlin stiúrthóir an chóir. Rinneadh an-obair sa chúlra chun an ceol galánta s’acu a chur i láthair, agus bhain Martin an-sult as bheith ag dul tríd an oiread foinsí saibhre agus luachmhara a d’aimsigh sé ó chartlann an Inishowen Traditional Music Project agus ó Thaisce Cheol Dúchais Éireann

Labhair Meon Eile le Martin Tourish agus le Traolach Ó Fionnáin, Oifigeach Ealaíon Chomhairle Contae Dhún na nGall. Tá todhchaí an ghrúpa seo slán agus tá bliain gnóthach rompu. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Inishowen Traditional Music Project anseo.

Close
Close