Ceolchoirm 'Fite Fuaite' in Áras Mhic Reachtain


Bhí oíche lán le ceol agus craic in Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontrama i dtuaisceart Bhéal Feirste ar na mallaibh. ‘Fite Fuaite’ an t-ainm a bhí ar an cheolcoirm, a bhí mar chuid d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhéal Feirste. 

Bíonn Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain páirteach san fhéile go bliantúil ó bhí 2018 agus i mbliana mealladh slua ollmhór chuige ó Bhéal Feirste agus níos faide i gcéin. 

I measc na gceoltóirí a bhí ag seinm ag Fite Fuaite, bhí Séimí agus Terraplen MC, Súil Amháin, Boss Sound Manifesto agus Bréag ag deireadh na hoíche. 

Bhí Meon Eile ar an láthair agus labhair muid le Daithí Mac Uait ó Áras Mhic Reachtain faoin chomhpháirtíocht a bhíonn acu le Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhéal Feirste. Labhair muid leis an cheoltóir Séimí faoi EP nua s’aige leis an rapálaí Meicsiceach Terraplen MC faoin dóigh a n-oibríonn an Ghaeilge agus an Spáinnis le chéile ina gcuid ceoil. Labhair muid fosta le Caoimhín Mac Giolla Chatháin agus Nic Sadlier ó Bréag faoin oíche féin agus faoin mhéid ceoltóirí nua atá ag cur amach ceol i nGaeilge.


Close
Close