Ceardlann Amhránaíochta le Doiminic Mac Giolla Bhríde

Bhí Áras Mhic Reachtain i dtuaisceart Bhéal Feirste dubh le daoine ar na mallaibh agus Scoil Samhraidh Mhic Reachtain faoi lánseol ann. Mar chuid de na himeachtaí a bhí ar siúl achan lá den tseachtain bhí ceardlann amhránaíochta leis an cheoltóir chlúiteach as Gaoth Dobhair, Doimnic Mac Giolla Bhríde.

Bhí daltaí ar na gnáth-ranganna Gaeilge in ann dul chuig na ceardlanna le linn an lae agus bhí an deis acu a bheith ag foghlaim amhráin seán-nóis, rud a chuireann go mór le foghlaim na teanga í féin, dar le Doimnic.

Thug Meon Eile cuairt ar cheann de na ceardlanna ar leith seo nuair a bhí na scoláirí ag foghlaim an amhráin cháiliúil ‘Níl Sé ‘na Lá’, sin agus ‘Sín Síos Suas Liom’, amhrán a scríobhadh thart faoin bhliain 1702.

Luaigh Doimnic fosta go mbíonn lúcháir air teacht chuig Scoil Samhraidh Mhic Reachtain achan bhliain agus a chuid taithí a roinnt leis na foghlaimeoirí.

Close
Close