Ceardlann Amhránaíochta le Diane Ní Chanainn

Is amhránaí traidisiúnta aitheanta as Dún na nGall a bhfuil ardmheas uirthi í Diane Ní Chanainn a bhíonn le feiceáil ag canadh ag go leor féilte agus imeachtaí ar fud na tíre.

Bhuail Meon Eile le Diane ag an RCC i Leitir Ceanainn, áit a raibh ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós ar siúl aici. Bhí lear mór daoine ón cheantar a tháinig le roinnt amhráin thraidisiúnta Gaeilge a fhoghlaim ag an cheardlann a d’eagraighonra Leitir Ceanainn mar chuid den fhéile Focal Beo.

Labhair Meon Eile le cúpla duine a bhí i láthair nach raibh tada ach moladh acu don amhránaí agus don cheardlann. Labhair muid le Diane freisin, a dúirt gur na hamhránaithe a mhúin í is cúis leis an aiseolas dhearfach i leith na ceardlainne.

Close
Close